Ár Scéal

Tá muid suite ar An Charraig, i nGaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall. Tá ár gcróiche istigh ins an cheanntar seo – áit a bhfuil cuid de na radharcanna is deise ar domhan le feiceáil. Tá saibhreas cultúra, teanga agus ceol traidisiúnta anseo, agus tá muintir na háite fáilteach agus cairdiúil.

Scenery along the route of Ireland by Bike tours

Cuireann Ireland by Bike laethanta saoire féin-threoraithe (rothair agus siúlóide) ar fáil ins an cheanntar seo agus tríd áiteanna eile ar fud Chontae Dhún na nGall.  Le cúpla bliain anuas tá muid ag ofráil turas rothar féin-threoraithe ar Bhealach Cósta Chlochán an Aifir.

Ireland by Bike founder Seamus Gallagher

Bhunaigh Séamus Ó Gallachóir (mo fhear céile) an gnólacht i 2010. Is as Coillte Clochair i gContae Liatroma Séamus ó dhúchas agus tháinig sé ‘na Carraige i 1986. D’oibrigh sé mar mhúinteoir innealtóireachta ins an scoil áitiúil agus, ina dhiaidh sin, d’oibrigh sé ar feadh cúpla bliain mar tíleoir. Ach i gcónaí bhí sé ar intinn aige a shlí beatha a bhaint amach ar dhóigh a ligeadh dó am a chaitheadh amuigh faoin aer. Is reathaí agus rothaí é Séamus, agus ar feadh na blianta chaith sé a chuid tráthnóntaí agus a chuid deireadh seachtainí ag rith agus ag rothaíocht ar na bóithre agus ar na cnoic thart ar an cheanntar seo – agus tá mé cinnte gurb é seo an rud a spreag é an áileacht seo a thaisbeáint, i bhfoirm turais rothair agus siúlóide, do dhaoine eile.

Nora Gallagher Ireland by Bike

Cé gur as Teileann mé féin, agus go raibh dúil agam i gcónaí a bheith amuigh ag rothaíocht agus ag siúl ar na cnoic thart ar ár gceanntar, is é Séamus a spreag mé na sléibhte, na lócha agus na gleannta atá thart orainn a aimsiú go h-iomlán agus neart ama a chaitheadh go sláintiúil amuigh faoin aer.Treasures of Coast and History self-guided cycling tour Ireland by Bike

D’fhás Ireland by Bike bliain indiaidh bliana, agus anois tá ár gclann uilig (ár beirt mhac Dominic agus Brian chomh maith linn féin) páirteach ann. Nuair atá muid gnóthach ins an tsamhradh, bíonn buachaill áitiúil, Oisín, ag obair linn mar mheicneoir rothar.  Tá a lán custaiméirí a thagann arais chughainn blian indiaidh bliana. Déanann cuid acu an turas céanna a rinne siad roimhe linn, agus tá daoine eile a bhaineann triall as turais úra. Cúpla bliain ó shoin, rinne muid cinneadh rothair leictreacha a dhíol – rud a bhí ar ár n-intinn ó thosaigh muid ag déileáil le rothair leitreacha blianta ó shoin. Tá ár gcuistiméirí go síoraí a moladh, agus an dóigh a dtugann siad cuideadh iontach do dhuine nuair atá siad ag rothaíocht suas na cnoic – go háirithe i nDún na nGall. Is é Rothair Leictreacha Dhún na nGall/Donegal E-Bikes an t-ainm atá ar an chuid seo dár gnólacht.

Cliffs and Glens E-bike tour provided by Ireland by Bike who are located in Carrick, County Donegal

Chomh maith leis na rothair a dhíol, ofráileann muid SEIRBHÍS DEISIÚCHÁIN ROTHAR agus SEIRBHÍS ROTHAR AR CÍOS.

Déan teagmháil linn am ar bith má tá eolas a dhith ort. Bhéadh muid an-sásta cloisteáil uait.

Séamus agus Nóra